1 Ar an ábhar sin, nuair a tháinig Asaradon i réim, d'fhill mé abhaile agus tugadh mo bhean chéile Anna agus mo mhac Tóibias ar ais dom. Ar fhéile na Cincíse seo againne, is é sin, ar fhéile na Seachtainí, bhí dinnéar maith ann dom agus lig mé fúm chun é a ithe.