3 D'imigh Tóibias amach, mar sin, ar lorg duine bhoicht éigin dár mbráithre. Ach tháinig sé ar ais arís agus dúirt: “A athair!” “Céard atá ort, a mhic?” arsa mise leis. Dúirt sé liom ansin do mo fhreagairt: “Féach, a athair! Dúnmharaíodh duine dár muintir agus tá a chorp ina luí amuigh ar fhaiche an mhargaidh mar ar tachtadh é tamall beag ó shin.”
4 Léim mé i mo sheasamh láithreach agus d'fhág mé mo dhinnéar gan a bhlaiseadh; d'ardaigh mé an corp liom ó fhaiche an mhargaidh agus chuir mé isteach i seomra é agus é ar intinn agam é a adhlacadh tar éis dul faoi na gréine.
5 Nuair a tháinig mé ar ais, mar sin, nigh mé mé féin agus d'ith mé mo chuid faoi bhrón.
6 Chuimhnigh mé ar na focail a dúirt an fáidh Amós i dtaobh Bhéitéil:“Athrófar bhur bhféilte ina n‑ócáidí bróin,agus déanfar caointe de bhur n‑amhráin go léir.”
7 Agus rinne mé gol. Ansin tar éis dul faoi na gréine d'imigh mé amach agus rinne mé uaigh agus chuir mé ann é.
8 Thosaigh mo chomharsana ag gáire fúm, á rá: “Nach bhfuil eagla air níos mó? Bhíothas ar a thóir cheana féin chun é a mharú mar gheall ar an ngníomh seo agus b'éigean dó teitheadh agus seo anois é arís agus é ag adhlacadh na marbh!”
9 An oíche chéanna sin thug mé folcadh dom féin agus chuaigh mé isteach i mo chlós agus chuaigh mé a chodladh in aice le balla an chlóis. Ó bhí sé te d'fhág mé m'aghaidh gan chlúid.