Tóibít 2:4-10 ABN

4 Léim mé i mo sheasamh láithreach agus d'fhág mé mo dhinnéar gan a bhlaiseadh; d'ardaigh mé an corp liom ó fhaiche an mhargaidh agus chuir mé isteach i seomra é agus é ar intinn agam é a adhlacadh tar éis dul faoi na gréine.

5 Nuair a tháinig mé ar ais, mar sin, nigh mé mé féin agus d'ith mé mo chuid faoi bhrón.

6 Chuimhnigh mé ar na focail a dúirt an fáidh Amós i dtaobh Bhéitéil:“Athrófar bhur bhféilte ina n‑ócáidí bróin,agus déanfar caointe de bhur n‑amhráin go léir.”

7 Agus rinne mé gol. Ansin tar éis dul faoi na gréine d'imigh mé amach agus rinne mé uaigh agus chuir mé ann é.

8 Thosaigh mo chomharsana ag gáire fúm, á rá: “Nach bhfuil eagla air níos mó? Bhíothas ar a thóir cheana féin chun é a mharú mar gheall ar an ngníomh seo agus b'éigean dó teitheadh agus seo anois é arís agus é ag adhlacadh na marbh!”

9 An oíche chéanna sin thug mé folcadh dom féin agus chuaigh mé isteach i mo chlós agus chuaigh mé a chodladh in aice le balla an chlóis. Ó bhí sé te d'fhág mé m'aghaidh gan chlúid.

10 Ní raibh a fhios agam go raibh gealbháin bhinne sa bhalla os mo chionn; thit a mbualtrach te isteach i mo shúile agus tháinig spotaí bána orthu. Chuaigh mé go dtí na dochtúirí chun leigheas a fháil. Ach dá mhéad ungaidh dár chuir siad orm is ea is daille a d'éirigh mo shúile de dheasca na spotaí, nó go raibh mé dall ar fad ar deireadh thiar. Ní raibh radharc na súl agam ar feadh ceithre bliana; bhí mo ghaolta uile buartha mar gheall orm; ach thug Aichícheár aire dom ar feadh dhá bhliain nó gur imigh sé go dtí Eilíomais.