1 Thit dubhnéal doilbhir cumha ar mo chroí ansin; lig mé osna asam agus rinne mé gol agus thosaigh mé ag guí agus ag caoi mar seo:
2 “Is cóir thú a Thiarna,agus is cóir iad do chuid oibreacha go léir;is trócaireach agus is dílis thú de shíor,agus is tusa breitheamh an domhain mhóir.
3 Cuimhnigh orm anois, a Thiarna, agus féach orm.Ná smachtaigh mé mar gheall ar mo pheacaíná in éiríc mo chionta aineolais féinná cionta aineolais mo shinsir.Óir pheacaíomar i d'aghaidh
4 agus bhriseamar d'aitheanta;ach thug tú suas sinndon chreachadh, don bhraighdeanas agus don bhás,don mhagadh, don scige agus don mhaslai bhfianaise na náisiún go léir ar scaip tú sinn ina measc.
5 Ach is cóir iad do bhreithiúnais iomadúla,nuair a chaitheann tú liom de réir mo pheacaí(agus de réir peacaí mo shinsear),mar níor choimeádamar d'aitheantaná níor chaitheamar ár saol go fíorchráifeach i do láthair.