7 An lá céanna sin tharla gurbh éigean do Shárá, iníon Raguéil, fear a raibh cónaí air in Eacbatana na Méide, éisteacht le hachasáin ó dhuine de chailíní aimsire a hathar.
8 Is amhlaidh a tugadh Sárá mar bhean chéile do sheachtar fear ach mharaigh an drochdheamhan, Asmódaes, iad ina gceann agus ina gceann sula raibh aon chaidreamh acu léi faoi mar atá sé leagtha amach do mhná pósta. Is é a dúirt an cailín aimsire ná: “Is tusa a mharaíonn do chuid fear. Féach! tugadh mar bhean chéile thú do sheachtar fear cheana féin ach níor tugadh ainm aon duine amháin díobh ort riamh.
9 Cén fáth a lascann tú sinne toisc go bhfuair do chuid fear bás? Imigh leat mar aon leo! Ná feicimisne mac ná iníon leat choíche!”
10 An lá sin tháinig gruaim ar a croí; rinne sí gol agus chuaigh sí in airde staighre go dtí seomra uachtair i dteach a hathar agus é ar intinn aici í féin a chrochadh. Ach rinne sí athmhachnamh agus dúirt: “B'fhéidir go dtabharfaí achasán do m'athair agus go ndéarfaí leis: ‘Ní raibh ach aon iníon ionúin amháin agat ach chroch sí í féin de dheasca a cuid trioblóidí.’ Sa tslí sin tharraingeoinn m'athair síos san uaigh ina sheanaois le teann dobróin. B'fhearr dom gan mé féin a chrochadh ach a iarraidh ar an Tiarna ligean dom bás a fháil ionas nach mbeadh orm mo shaol a chaitheamh ag éisteacht le hachasáin.”
11 Ag an am sin díreach leath sí a dhá láimh amach i dtreo na fuinneoige agus ghuigh sí mar seo:“Is beannaithe thú, a Dhia na trocaire!Moladh go deo le d'ainm!Go mola d'oibreacha go léir thú go brách!
12 Ardaím m'aghaidh chugat anois;iompaím mo shúile i do threo.
13 Ordaigh mé a scaoileadh ón saol seoagus gan mé a bheith ag éisteacht a thuilleadh le hasacháin.