Tóibít 5:1-5 ABN

1 Ansin thug Tóibias an freagra seo ar a athair, Tóibít: “Gach ní a d'ordaigh tú dom, a athair, déanfaidh mé é.

2 Ach conas a fhéadfaidh mé an t‑airgead a fháil uaidh agus gan aithne againn ar a chéile? Cén comhartha a thaispeánfaidh mé dó i dtreo go n‑aithneoidh sé mé agus go gcreidfidh sé mé agus go dtabharfaidh sé an t‑airgead dom; rud eile, ní eol dom ach oiread na bóithre a thabharfaidh chun na Méide mé.”

3 Mar fhreagra air sin dúirt Tóibít lena mhac, Tóibias: “Is amhlaidh a chuireamar araon ár n‑ainmneacha le hadmháil fiacha. Rinne mise dhá leath de ansin i dtreo go mbeadh leath amháin an duine againn. Choinnigh mise mo leath féin agus fágadh an leath eile leis an airgead. Agus féach, tá sé fiche bliain anois ó d'fhág mé an t‑airgead sin i dtaisce aige. Anois, a mhic, faigh duine éigin iontaofa le dul in éineacht leat agus tabharfaimid luach a shaothair dó nuair a fhillfidh tú. Imigh leat mar sin agus faigh an t‑airgead ó Ghabael.”

4 D'imigh Tóibias amach ar lorg duine éigin a rachadh chun na Méide in éineacht leis agus a raibh eolas na slí aige. Chomh luath agus a tháinig sé amach fuair sé an t‑aingeal Rafael os a chomhair. Ní raibh a fhios aige, áfach, gurbh aingeal Dé é

5 agus dúirt sé leis: “Cér díobh thú, a ógánaigh?” “Iosraelach is ea mé,” ar seisean leis, “duine de do lucht gaoil féin; is amhlaidh a tháinig mé anseo ag lorg oibre.” “An eol duit an tslí chun na Méide?” d'fhiafraigh Tóibias de.