5 agus dúirt sé leis: “Cér díobh thú, a ógánaigh?” “Iosraelach is ea mé,” ar seisean leis, “duine de do lucht gaoil féin; is amhlaidh a tháinig mé anseo ag lorg oibre.” “An eol duit an tslí chun na Méide?” d'fhiafraigh Tóibias de.
6 “Is eol dom go deimhin,” ar seisean, “bhí mé ann go minic cheana; tá seanaithne agam ar an áit agus is eol dom na bealaí go léir chuige. Is minic a thaistil mé chun na Méide agus chuirinn fúm i dteach ár bhfir ghaoil, Gabael, fear atá ina chónaí i Raigéis na Méide. Tá Raigéis aistear dhá lá iomlána ó Eacbatana (agus tá sé suite sna sléibhte).”
7 Dúirt Tóibias leis ansin: “Fan liom anseo, a ógánaigh, nó go rachaidh mé isteach chun é seo a insint do m'athair; mar tá tú ag teastáil uaim chun dul in éineacht liom agus, dar ndóigh, tabharfaidh mé luach saothair duit.”
8 “Tá go maith,” d'fhreagair Rafael, “fanfaidh mé leat ach na déan moill.”
9 Chuaigh Tóibias isteach ansin agus d'inis sé an scéal go léir dá athair, á rá: “Táim tar éis Iosraelach a fháil chun dul liom; duine dar lucht gaoil féin is ea é.” “Glaoigh isteach chugam é, a mhic,” arsa a athair leis, “is mian liom a fháil amach cad iad an chlann agus an treibh ar díobh é agus an bhfuil sé iontaofa go leor chun dul leat.” D'imigh Tóibias amach arís ansin agus ghlaoigh sé an fear chuige, á rá: “Is mian le m'athair labhairt leat, a ógánaigh.”
10 Chuaigh Rafael isteach chuige agus bheannaigh Tóibít dó ar dtús. Dúirt Rafael leis, á fhreagairt: “Go maire tú i bhfad faoi lúcháir.” “Cén t‑ábhar lúcháire atá agamsa,” arsa Tóibít leis ansin. “Tá radharc mo shúl caillte agam; ní féidir dom solas na gréine a fheiceáil; is amhlaidh a chaithim mo shaol sa dorchadas ar nós na marbh nach bhfeiceann an solas níos mó. Cé go bhfuil mé beo is i measc na marbh a bhím; cloisim guthanna daoine ach ní fheicim iad.” Dúirt Rafael leis ansin: “Bíodh misneach agat! Tá sé beartaithe ag Dia tú a leigheas tar éis tamaillín eile; bíodh misneach agat!” “Is mian le mo mhac, Tóibias, dul chun na Méide,” arsa Tóibít leis ansin. “An bhféadfá dul in éineacht leis chun é a threorú? Dar ndóigh; a bhráthair, tabharfaidh mé luach saothair duit.” D'fhreagair Rafael é mar a leanas: “Is féidir dom dul leis; is eol dom na bealaí go léir chun na Méide agus is minic a chuaigh mé ann agus a thaistil mé a mánna agus a sléibhte uile. Ní ionadh mar sin gurb eol dom a bealaí go léir.”
11 D'fhiafraigh Tóibít de ansin: “Cad iad an chlann agus an treibh ar díobh thú? Ar mhiste leat é sin a insint dom, a bhráthair?”