Tóibít 6:14-19 ABN

14 Ansin dúirt Tóibias leis, á fhreagairt: “A Azairias, a bhráthair liom, chuala gur pósadh í le seachtar fear cheana féin agus gur thit gach fear díobh marbh sa seomra pósta. Is amhlaidh a d'fhaighidís bás an chéad oíche a théidís isteach chuici. Chuala mé daoine á rá gur dheamhan a mharaigh iad.

15 Mar sin de tá eagla orm; óir ní dhéanann an deamhan aon dochar dise toisc grá a bheith aige di ach maraíonn sé gach fear ar mian leis dul ina haice. Anois níl aon duine clainne ag m'athair ach mé, agus dá bhfaighinnse bás thabharfainn m'athair agus mo mháthair síos san uaigh le neart dobróin i mo dhiaidh, agus gan aon mhac eile acu chun iad a adhlacadh.”

16 “Nach cuimhin leat orduithe d'athar,” arsa Rafael leis. “D'ordaigh sé duit bean chéile a thoghadh as a mhuintir féin. Éist liom anois, a bhráthair. Ná bíodh aon imní ort mar gheall ar an deamhan ach déan Sárá a phósadh. Tá mé cinnte de go dtabharfar duit mar bhean chéile í anocht féin.

17 Nuair a rachaidh tú isteach sa seomra pósta, tóg cuid d'ae an éisc agus a chroí agus cuir ar ghríosach na túise iad.

18 Chomh luath agus a gheobhaidh an deamhan an boladh a thabharfaidh siad uathu teithfidh sé agus ní fheicfear ina haice é feasta. Ansin roimh duit comhriachtain a dhéanamh léi éirígí beirt ar dtús agus guígí le chéile ansin agus impígí ar Thiarna na bhflaitheas trócaire a dhéanamh oraibh agus sibh a shlánú. Ná bíodh eagla ar bith ort mar is duitse a ceapadh í roimh chruthú an domhain. Fuasclóidh tú í agus rachaidh sí leat. Is é mo bharúil go mbeidh clann aici leat, a dhéanfaidh ionad deartháireacha duit. Dá bhrí sin ná bíodh aon imní ar bith ort.”

19 Nuair a chuala Tóibias focail Rafael agus go raibh gaol ag Sárá leis féin toisc í a bheith de shliocht mhuintir a athar thit sé i ngrá léi go mór agus bhí a chroí casta istigh inti.