1 Nuair a bhí deireadh ite agus ólta acu, ba mhian leo dul a chodladh. Rinne an tseanlánúin an buachaill a thionlacan ón seomra bia go dtí an seomra codlata.
2 Chuimhnigh Tóibias ar bhriathra Rafael agus thóg sé ae an éisc agus a chroí as an mála mar a raibh siad aige agus leag sé ar ghríosach na túise iad.
3 Chuir an boladh cosc ar an deamhan agus theith sé go dtí an Éigipt Uachtair. Chuaigh Rafael sa tóir air láithreach agus chuir sé ceangal na gcúig chaol air ann [agus d'fhill sé gan mhoill].
4 Idir an dá linn d'imigh an tseanlánúin as an seomra agus dhún siad an doras ina ndiaidh. D'éirigh Tóibias amach as an leaba ansin agus dúirt sé le Sárá: “Éirigh, a stór! Guímis agus iarraimis ar ár dTiarna trócaire a dhéanamh orainn agus sinn a shlánú.”