1 Nuair a bhí deireadh ite agus ólta acu, ba mhian leo dul a chodladh. Rinne an tseanlánúin an buachaill a thionlacan ón seomra bia go dtí an seomra codlata.
2 Chuimhnigh Tóibias ar bhriathra Rafael agus thóg sé ae an éisc agus a chroí as an mála mar a raibh siad aige agus leag sé ar ghríosach na túise iad.
3 Chuir an boladh cosc ar an deamhan agus theith sé go dtí an Éigipt Uachtair. Chuaigh Rafael sa tóir air láithreach agus chuir sé ceangal na gcúig chaol air ann [agus d'fhill sé gan mhoill].
4 Idir an dá linn d'imigh an tseanlánúin as an seomra agus dhún siad an doras ina ndiaidh. D'éirigh Tóibias amach as an leaba ansin agus dúirt sé le Sárá: “Éirigh, a stór! Guímis agus iarraimis ar ár dTiarna trócaire a dhéanamh orainn agus sinn a shlánú.”
5 D'éirigh sise agus thosaigh siad ag guí agus ag iarraidh go slánófaí iad agus chuir Tóibias tús ar an urnaí mar seo:“Is beannaithe thú, a Dhia ár sinsear;go moltar d'ainm choíche agus go brách;na flaithis agus gach ar chruthaigh tú,go mola siad thú go deo.
6 Is tú a rinne Ádhamh;rinne tú Éabha, a bhean chéile, chomh maithchun cabhair agus cúnamh a thabhairt dó;agus is ón mbeirt seo a shíolraigh an cine daonna.Is tú a dúirt: ‘Ní maith an duine a bheith ina aonar;déanaimis céile cúnta dó cosúil leis féin.’
7 Mar sin de, ní le teann drúisea ghlacaim mo bhean mhuinteartha chugam mar chéileach le croí ionraic glan.Deonaigh trócaire a dhéanamh ormsa agus uirthisa chaoi go bhfaighimid aois mhaith i dteannta a chéile.”