1 Ina dhiaidh sin chuir Tóibias fios ar Rafael agus dúirt sé leis,
2 “A Azairias, a bhráthair liom, ar mhiste leat ceathrar seirbhíseach agus dhá chamall a bhreith leat agus dul go Raigéis. Imigh go dtí teach Ghabael agus tabhair dó an admháil fiacha úd. Faigh an t‑airgead uaidh agus beir leat é féin chun na bainise.
3 Tá a fhios agat go bhfuil m'athair ag áireamh na laethanta agus má bhím go fiú aon lá amháin déanach cuirfidh mé buairt mhór air.
4 Is eol duit chomh maith an mionn atá tugtha ag Raguéil agus ní féidir dom cur ina choinne.”