12 faoi mar a tháinig an bhean ón bhfear ar dtús, is ón mbean a shaolaítear an fear agus is ó Dhia a thagann an uile ní.
13 Fágaim faoi bhur mbreith féin an scéal; an cuí do bhean bheith ag guí chun Dé agus gan aon ní ar a ceann aici?
14 Nach é a mhúineann an nádúr féin dúinn gur cúis aithise d'fhear a chuid gruaige a bheith fada aige
15 ach gur barr maise do bhean a cuid gruaige a bheith amhlaidh? Go deimhin is mar chumhdach a tugadh an folt di.
16 Ach má tá fonn aighnis ar aon duine faoin scéal, níl a mhalairt de nós againne ná ag eaglaisí Dé.
17 Sa treoir seo atáim a thabhairt daoibh níl aon mholadh le déanamh agam oraibh mar nach fearrde sibh bhur dteacht le chéile ach gur measaide sibh é.
18 Ar an gcéad dul síos cloisim go mbíonn easaontas eadraibh nuair a thagann sibh le chéile mar eaglais, rud a chreidim cuid mhaith.