1 Táthar á rá go forleathan go bhfuil an drúis in bhur measc agus is drúis i nach bhfaightear i measc na bpágánach féin;
2 is é sin le rá go bhfuil duine agaibh i lánúnas lena leasmháthair. Agus sibhse lán de mhórchúis! Ag déanamh bróin ba chóra daoibh a bheith chun go n‑ardófaí uaibh an té a rinne amhlaidh.
3 I dtaca liom féin de, cé go bhfuilim i bhfad uaibh i bpearsa, tá mo spiorad ansiúd faraibh agus, chomh maith agus dá mbeinn in bhur láthair, tá mo bhreith tugtha cheana féin agam ar an té a rinne an gníomh sin,
4 mar atá: sibhse a theacht le chéile in ainm ár dTiarna Íosa agus mise ó spiorad in bhur dteannta agus ar údarás ár dTiarna Íosa
5 an duine sin a thabhairt suas do Shátan lena chorp a mhilleadh i dtreo go dtiocfadh a anam slán lá úd an Tiarna.
6 Ní healaí daoibh an mhórchúis; nach bhfuil a fhios agaibh go ndéanann pinse gabháile an taos go léir a ghabháileadh.
7 Glanaigí amach an tseanghabháile ionas go mbeadh sibh in bhur dtaos úrnua gan gabháile ar bith ionaibh - agus is mar sin atá sibh, mar tá Críost, ár n‑uan Cásca, íobartha.
8 Déanaimis an fhéile a cheiliúradh dá bhrí sin, agus ní leis an tseanghabháile é, le gabháile an oilc agus na hurchóide, ach le slimarán an ionracais agus na fírinne.
9 Dúirt mé libh i mo litir gan aon chaidreamh a bheith agaibh le drúisigh.
10 Ní hiad drúisigh an tsaoil seo i gcoitinne a bhí i gceist agam ar ndóigh, na bithiúnaigh agus gadaithe agus íoltóirí i gcoitinne, mar nár mhór daoibh an saol a fhágáil sa chás sin.
11 Is é a bhí i gceist agam gan aon chaidreamh a bheith agaibh le duine atá in ainm a bheith ina bhráthair ach é tugtha don drúis, nó don tsaint, nó don íoladhradh, nó don bhéadán, nó don mheisce, nó don robáil; agus fiú amháin gan ithe i dteannta a leithéid.
12 Cad ab áil liomsa breith a thabhairt ar an muintir atá lasmuigh? Tabharfaidh Dia féin breith orthu siúd.
13 Ach nach libhse breith a thabhairt ar an muintir laistigh? “Díbrígí an coirpeach as bhur measc.”