1 Corantaigh 8 ABN

Bia an Teampaill

1 An cheist seo faoin mbia a ofráiltear do na híola: ar ndóigh tuigimid go bhfuil “fios” againn go léir. Mar sin féin cothaíonn an fios seo an mhórchúis, ach is é an grá a dhéanann tógáil.

2 An duine a mhaíonn go bhfuil fios fátha an scéil aige níl fios a ghnó mar ba chóir fós aige,

3 ach an té a bhfuil grá do Dhia aige, tá sé aitheanta ag Dia.

4 Maidir leis an mbia íobartha seo a ithe, is eol dúinn nach bhfuil, dáiríre, bonn ar bith le híola agus nach bhfuil ach an t‑aon Dia amháin ann.

5 Tá gan amhras déithe mar dhea ar neamh agus ar talamh - go deimhin tá “déithe” agus “tiarnaí” ann go líonmhar.

6 Mar sin féin níl ann, i dtaca linne de, ach an t‑aon Dia amháin, an tAthair arb uaidh an uile ní agus arb ina chomhair atáimidne ann; agus níl ann ach an t‑aon Tiarna amháin, Íosa Críost, ar tríd a thagann an uile ní agus ar tríd atáimidne ann chomh maith.

7 Ní hé gach aon duine a bhfuil an tuiscint seo aige áfach. Tá daoine áirithe ann agus oiread [taithí] acu ar na híola go dtí seo, go gcaitheann siad an bia faoi mar go mbeadh sé íobartha don íol dáiríre agus toisc a gcoinsias a bheith lag fágtar smál dá réir air.

8 Ach ní hé an bia a dhlúthóidh le Dia sinn; ní fearrde sinn é a chaitheamh agus ní measaide sinn é a fhágáil inár ndiaidh.

9 Bígí aireach, áfach, ar eagla go mbeadh an tsaoirse sin agaibh ina ceap tuisle do na laga.

10 Mar an duine a bhfuil an coinsias go lag aige, má fheiceann sé tusa, fear an eolais, i do shuí chun boird istigh i dteampall págánach, nach mbrostófar é chun an bia íobartha a chaitheamh chomh maith?

11 An duine lag is bráthair duit agus a bhfuair Críost bás ar a shon, déantar é a mhilleadh le do chuidse eolais.

12 Nuair a pheacaíonn sibh in aghaidh bhur mbráithre ar an gcuma sin agus a gcoinsias lag a ghonadh, is in aghaidh Chríost a dhéanann sibh an peaca dáiríre.

13 Dá chionn sin, má chuireann an bia mo bhráthairse ar a aimhleas, ní bhlaisfidh mé feoil go deo arís ar eagla go gcuirfinn ar a aimhleas é.

Caibidlí

1 2 3 4 5 6 7 8 9 10 11 12 13 14 15 16