1 Corantaigh 3 ABN

Comhoibrithe Dé

1 I dtaca liom féin de, a bhráithre, níorbh fhéidir dom labhairt libh mar dhaoine spioradálta ach mar dhaoine collaí, mar naíonáin i gCríost.

2 Is bainne a thug mé daoibh le hól in áit an bhia thirim toisc nach raibh sibh in inmhe; go deimhin níl sibh in inmhe fós féin

3 de bhrí go bhfuil sibh collaí go fóill. Fad atá éad agus achrann eadraibh nach daoine collaí atá ionaibh agus sibh do bhur n‑iompar féin de réir ghnás an tsaoil?

4 Nuair a bhíonn “leanaimse Pól” ag duine agus “leanaimse Apollós” ag duine eile nach de ghnáthmhuintir an tsaoil sibh?

5 Céard é Apollós nó céard é Pól? Níl iontu ach na seirbhísigh trínar chreid sibh, gach duine acu mar a dháil an Tiarna air:

6 mise a chuir an síol, Apollós a chuir an t‑uisce leis ach is é Dia a chuir ag fás é.

7 Ní hiad an síoladóir, mar sin, ná an t‑uiscitheoir, ar fiú iad aon ní ach Dia amháin, a chuireann an síol ag fás.

8 Is é an dá mhar a chéile iad an síoladóir agus an t‑uiscitheoir ach cúiteofar a shaothar féin le gach duine acu.

9 Comhoibrithe le Dia atá ionainne agus gort Dé, foirgneamh Dé, is ea sibhse.

10 De réir an ghrásta a thug Dia dom, leag mise an bhunsraith mar a dhéanfadh an t‑ardsaor oilte agus fear eile atá ag tógáil uirthi. Faireadh gach duine a chuid tógála féin áfach,

11 mar ní féidir d'aon duine bunsraith eile a leagan ach an ceann atá thíos cheana féin, agus is é Íosa Críost an bhunsraith sin.

12 Cibé duine a dhéanfaidh tógáil ar an mbunsraith sin, úsáideadh sé ór, airgead nó clocha lómhara, adhmad, féar nó tuí,

13 beidh saothar cách soiléir le feiceáil; mar nochtfaidh an Lá é; mar nochtfar é sa lasair agus tástálfaidh an lasair cén sort oibre a bheidh déanta ag cách.

14 Má sheasann saothar tógála duine an triail, gheobhaidh sé a thuarastal;

15 ach má loisctear saothar duine, fágfar gan díol é; tiocfaidh sé féin slán, áfach, mar dhuine a bheadh gafa trí thine.

16 Nach dtuigeann sibh, a bhráithre, gur teampall Dé sibh agus go bhfuil Spiorad Dé ina chónaí ionaibh.

17 Duine ar bith a mhilleann teampall Dé, millfidh Dia eisean, mar is naofa é teampall Dé - agus is sibhse an teampall sin.

18 Ná bíodh aon dul amú ar aon duine; aon duine agaibh a áiríonn é féin a bheith eagnaí de réir ghnás an tsaoil seo, bíodh sé ina amadán le go mbeadh sé eagnaí dáiríre.

19 Mar níl in eagna an tsaoil seo ach díth céille i bhfianaise Dé, mar tá scríofa: “Sáinníonn sé na saoithe ina gcuid glicis féin”;

20 agus arís: “Is eol don Tiarna smaointe na saoithe a bheith baoth.”

21 Dá réir sin, ná bíodh duine ar bith ag déanamh mórtais as daoine, mar is libhse an t‑iomlán:

22 Pól agus Apollós agus Céafas, an domhan, an bheatha agus an bás, a bhfuil ann agus a bhfuil le teacht - is libhse iad uile,

23 agus is le Críost sibhse agus is le Dia Críost.

Caibidlí

1 2 3 4 5 6 7 8 9 10 11 12 13 14 15 16