16 Ach má tá fonn aighnis ar aon duine faoin scéal, níl a mhalairt de nós againne ná ag eaglaisí Dé.
17 Sa treoir seo atáim a thabhairt daoibh níl aon mholadh le déanamh agam oraibh mar nach fearrde sibh bhur dteacht le chéile ach gur measaide sibh é.
18 Ar an gcéad dul síos cloisim go mbíonn easaontas eadraibh nuair a thagann sibh le chéile mar eaglais, rud a chreidim cuid mhaith.
19 Caithfidh aicmí a bheith oraibh gan dabht chun go n‑aithneofaí cé hiad na daoine fiúntacha oraibh.
20 Ach nuair a thagann sibh i gceann a chéile mar sin ní ag caitheamh séire an Tiarna é,
21 mar is amhlaidh a thosaíonn gach duine ar a shéire féin a chaitheamh roimh an gcuid eile, agus bíonn ocras ar dhuine amháin agus duine eile ar meisce.
22 Nach bhfuil tithe de bhur gcuid féin agaibh chun bheith ag ithe agus ag ól iontu? Nó an é is áil libh eaglais Dé a dhíspeagadh agus na boicht a náiriú? Cad a déarfaidh mé libh mar sin? Sibh a mholadh dá bharr, an ea? Go deimhin ní mholfaidh mé.