2 Molaim sibh as bheith ag cuimhneamh orm i gcónaí agus as bheith ag cloí leis na traidisiúin a thaobhaigh mé libh.
3 Ba mhaith liom go dtuigfeadh sibh, áfach, go bhfuil Críost ina cheann ar gach fear, go bhfuil an fear ina cheann ar a bhean agus go bhfuil Dia ina cheann ar Chríost.
4 Aon fhear a dhéanann urnaí nó a thugann tairngreacht agus a cheann clúdaithe aige, tugann sé náire don té is ceann air.
5 Aon bhean, áfach, a dhéanann urnaí nó a thugann tairngreacht agus í ceann-nochta, tugann sí náire don té is ceann uirthi; is cuma é agus a ceann a bheith bearrtha.
6 Mar mura gclúdaíonn bean a ceann, déantar í a bhearradh. Agus ós cúis aithise do bhean a ceann a bhearradh nó a folt a ghearradh, clúdaíodh sí a ceann.
7 Ní gá d'fhear a cheann a chlúdach mar is íomhá agus [macasamhail] Dé é; ach is [macasamhail] den fhear an bhean;
8 mar ní ón mbean a tháinig an fear ach is ón bhfear a tháinig an bhean.