21 mar is amhlaidh a thosaíonn gach duine ar a shéire féin a chaitheamh roimh an gcuid eile, agus bíonn ocras ar dhuine amháin agus duine eile ar meisce.
22 Nach bhfuil tithe de bhur gcuid féin agaibh chun bheith ag ithe agus ag ól iontu? Nó an é is áil libh eaglais Dé a dhíspeagadh agus na boicht a náiriú? Cad a déarfaidh mé libh mar sin? Sibh a mholadh dá bharr, an ea? Go deimhin ní mholfaidh mé.
23 Is é fios a fuair mé féin ón Tiarna agus a thug mé daoibhse: mar atá, an oíche a bhí an Tiarna Íosa le tabhairt ar láimh, thóg sé arán
24 agus, ar altú dó, bhris agus dúirt: “Is é seo mo chorp atá le tabhairt suas ar bhur son; déanaigí é seo mar chuimhne orm.”
25 Mar an gcéanna tar éis na proinne thóg sé an cupa ag rá: “Is é an cupa seo an nuachonradh i mo chuid fola. Déanaigí é seo mar chuimhne orm a mhinice a ólfaidh sibh é.”
26 A mhinice, más ea, a itheann sibh an t‑arán seo agus a ólann sibh an cupa, bíonn sibh ag fógairt bhás an Tiarna nó go dtiocfaidh sé.
27 Dá chionn sin, duine ar bith a chaitheann an t‑arán nó a ólann cupa an Tiarna go míchuí beidh sé ciontach i gcorp agus i bhfuil an Tiarna.