26 A mhinice, más ea, a itheann sibh an t‑arán seo agus a ólann sibh an cupa, bíonn sibh ag fógairt bhás an Tiarna nó go dtiocfaidh sé.
27 Dá chionn sin, duine ar bith a chaitheann an t‑arán nó a ólann cupa an Tiarna go míchuí beidh sé ciontach i gcorp agus i bhfuil an Tiarna.
28 Déanadh duine é féin a scrúdú mar sin sula gcaitheann sé an t‑arán agus sula n‑ólann sé as an gcupa,
29 mar an té a itheann agus a ólann gan corp an Tiarna a aithint, is é a dhaoradh féin a itheann agus a ólann sé.
30 Sin é an fáth a bhfuil an oiread sin agaibh tinn agus lag agus cuid mhaith agaibh tar éis bháis.
31 Dá mbreithneoimis sinn féin ní bheadh breith á tabhairt orainn.
32 Ach nuair a thugann Dia breith orainn is dár gceartú a bhíonn sé i dtreo nach ndaorfaí sinn mar aon leis an saol.