28 Déanadh duine é féin a scrúdú mar sin sula gcaitheann sé an t‑arán agus sula n‑ólann sé as an gcupa,
29 mar an té a itheann agus a ólann gan corp an Tiarna a aithint, is é a dhaoradh féin a itheann agus a ólann sé.
30 Sin é an fáth a bhfuil an oiread sin agaibh tinn agus lag agus cuid mhaith agaibh tar éis bháis.
31 Dá mbreithneoimis sinn féin ní bheadh breith á tabhairt orainn.
32 Ach nuair a thugann Dia breith orainn is dár gceartú a bhíonn sé i dtreo nach ndaorfaí sinn mar aon leis an saol.
33 Dá bhrí sin, a bhráithre, nuair a thagann sibh le chéile chun bia a chaitheamh, fanaigí lena chéile.
34 Má bhíonn ocras ar dhuine ar bith, itheadh sé a chuid sa bhaile sa tslí nach do bhur ndaoradh a thiocfaidh sibh le chéile. Socróidh mé na cúrsaí eile nuair a thiocfaidh mé.