6 Mar mura gclúdaíonn bean a ceann, déantar í a bhearradh. Agus ós cúis aithise do bhean a ceann a bhearradh nó a folt a ghearradh, clúdaíodh sí a ceann.
7 Ní gá d'fhear a cheann a chlúdach mar is íomhá agus [macasamhail] Dé é; ach is [macasamhail] den fhear an bhean;
8 mar ní ón mbean a tháinig an fear ach is ón bhfear a tháinig an bhean.
9 Agus ní ar mhaithe leis an mbean a cruthaíodh an fear: is ar mhaithe leis an bhfear a cruthaíodh an bhean.
10 Dá réir sin ní miste don bhean comhartha an smachta a bheith ar a ceann aici mar gheall ar na haingil.
11 Ina dhiaidh sin agus uile níl an bhean neamhspleách leis an bhfear ná an fear neamhspleách leis an mbean sa Tiarna;
12 faoi mar a tháinig an bhean ón bhfear ar dtús, is ón mbean a shaolaítear an fear agus is ó Dhia a thagann an uile ní.