12 Is aonad an corp agus mórán ball ann, ach dá líonmhaire iad na baill ní dhéanann siad uile ach aon chorp amháin. Is é an dála céanna ag Críost é:
13 mar cibé acu Giúdaigh nó Gréagaigh sinn, saor nó daor, baisteadh an uile dhuine againn leis an aon Spiorad amháin, isteach san aon chorp amháin agus as an aon Spiorad amháin tugadh deoch le hól dúinn.
14 Ní aon bhall amháin atá sa chorp ach mórán ball.
15 Má deir an chos: “Toisc nach lámh mé, ní bhainimse leis an gcorp,” ní fhágann sin nach cuid den chorp í.
16 Nó má deir an chluas: “Toisc nach súil mé, ní bhainimse leis an gcorp,” ní fhágann sin nach cuid den chorp í.
17 Dá mba shúil an corp iomlán, cá mbeadh an éisteacht? Nó dá mba éisteacht an t‑iomlán cá mbeadh an boladh?
18 Faoi mar atá, áfach, shocraigh Dia gach ball ar leith de na baill bheatha sa chorp de réir mar ab áil leis féin é.