24 rud nach gá a dhéanamh dár mbaill mhaisiúla. Chuir Dia an corp le chéile sa tslí gur thug sé breis den ghradam don bhall a bhí á cheal,
25 ar shlí nach mbeadh aon deighilt sa chorp ach go mbeadh na baill ag déanamh an chúraim chéanna dá chéile.
26 Dá chionn sin, má bhíonn tinneas ar bhall amháin bíonn na baill go léir i gcomhphian leis, agus má bhíonn ball faoi mheas, bíonn na baill go léir ag déanamh comhghairdis leis.
27 Is sibhse corp Chríost agus is ball dá chuid gach duine ar leith agaibh.
28 San eaglais tá daoine áirithe ceaptha ag Dia ina n‑aspail sa chéad áit; sa dara háit tá na fáithe; sa tríú háit tá na múinteoirí; ansin tá lucht míorúiltí agus ina ndiaidh sin tá lucht leighis, lucht freastail, lucht stiúrtha, agus lucht teangacha éagsúla.
29 An aspail sibh uile? An fáithe sibh uile? An múinteoirí sibh uile? An bhfuil cumas míorúiltí agaibh uile?
30 An bhfuil buanna leighis agaibh uile? An bhfuil labhairt i dteangacha agaibh uile? An bhfuil míniú teangacha agaibh uile?