5 tá feidhmeannais difriúla ann ach an t‑aon Tiarna amháin;
6 agus tá oibreacha difriúla ann ach is é an Dia céanna a bhíonn á n‑oibriú go léir in gach ceann riamh acu.
7 An léiriú a dhéantar ar an Spiorad in gach duine ar leith, is chun tairbhe an phobail mhóir é.
8 Mar shampla faigheann duine amháin labhairt go heagnaí ón Spiorad agus faigheann duine eile labhairt go feasach ón Spiorad céanna.
9 Faigheann duine eile creideamh tríd an Spiorad céanna, agus duine eile buanna leighis tríd an aon Spiorad.
10 Faigheann duine eile cumas míorúiltí agus duine eile fós bua na tairngreachta agus duine eile arís na spioraid a aithint ó chéile. Bíonn teangacha éagsúla ag duine amháin agus míniú teangacha ag duine eile.
11 Ach is é an Spiorad ceanann céanna a bhíonn ag oibriú sna tíolacthaí seo uile agus é ag dáil ar gach duine faoi leith de réir mar is áil leis féin.