2 Má tá bua fáidheoireachta agam, eolas ar gach rúndiamhair agus fios gach ní agam agus oiread lánchreidimh agam agus a d'aistreodh na sléibhte ach gan aon ghrá a bheith agam, is neamhní mé.
3 Má roinnim amach mo mhaoin shaolta go léir, agus má thugaim suas mo chorp le dó ach gan aon ghrá a bheith agam, ní aon tairbhe dom é.
4 Bíonn an grá foighneach agus bíonn sé lách; ní bhíonn éad air; ní dhéanann sé maíomh
5 ná mórtas; ní bhíonn sé mímhúinte ná leithleasach, míchéadfach ná agrach.
6 Ní áil leis an éagóir ach is aoibhinn leis an mhaith.
7 Bíonn sé lán d'fhadfhulaingt, lán de chreideamh, lán de dhóchas agus lán d'fhoighne.
8 Rachaidh an fháidheoireacht ar ceal, rachaidh na teangacha dá dtost, agus rachaidh an t‑eolas ar neamhní, ach ní rachaidh an grá i léig go deo.