4 Bíonn an grá foighneach agus bíonn sé lách; ní bhíonn éad air; ní dhéanann sé maíomh
5 ná mórtas; ní bhíonn sé mímhúinte ná leithleasach, míchéadfach ná agrach.
6 Ní áil leis an éagóir ach is aoibhinn leis an mhaith.
7 Bíonn sé lán d'fhadfhulaingt, lán de chreideamh, lán de dhóchas agus lán d'fhoighne.
8 Rachaidh an fháidheoireacht ar ceal, rachaidh na teangacha dá dtost, agus rachaidh an t‑eolas ar neamhní, ach ní rachaidh an grá i léig go deo.
9 Mar tá ár gcuid eolais easnamhach agus tá ár bhfáidheoireacht easnamhach;
10 agus nuair a thiocfaidh ann an rud foirfe, rachaidh an rud easnamhach ar neamhní.