5 ná mórtas; ní bhíonn sé mímhúinte ná leithleasach, míchéadfach ná agrach.
6 Ní áil leis an éagóir ach is aoibhinn leis an mhaith.
7 Bíonn sé lán d'fhadfhulaingt, lán de chreideamh, lán de dhóchas agus lán d'fhoighne.
8 Rachaidh an fháidheoireacht ar ceal, rachaidh na teangacha dá dtost, agus rachaidh an t‑eolas ar neamhní, ach ní rachaidh an grá i léig go deo.
9 Mar tá ár gcuid eolais easnamhach agus tá ár bhfáidheoireacht easnamhach;
10 agus nuair a thiocfaidh ann an rud foirfe, rachaidh an rud easnamhach ar neamhní.
11 Fad a bhí mé i mo leanbh, bhí caint agus meon agus réasún an linbh agam, ach ar m'éirí suas i m'fhear dom, d'fhág mé bealaí an linbh i mo dhiaidh.