13 An té a labhraíonn i dteanga, mar sin, bíodh sé ag guí go ndéanfaidh duine éigin a chaint a mhíniú.
14 Má dhéanaimse guí i dteanga is é mo spiorad a bhíonn ag guí ach bíonn m'intleacht seasc.
15 Cad atá le déanamh mar sin? Tá, go ndéanfaidh mé guí le mo spiorad ach go ndéanfaidh mé guí le m'intleacht chomh maith. Canfaidh mé le mo spiorad ach canfaidh mé le m'intleacht chomh maith.
16 Más le do spiorad amháin a mholann tú conas a chuirfidh aon ghnáthdhuine “Amen” le d'altú nuair nach bhfuil a fhios aige cad atá tú a rá?
17 Bíodh féin go bhfuil d'altú ar fheabhas, ní aon tairbhe den fhear thall é.
18 A bhuí le Dia gur mó a labhraím féin i dteangacha ná duine ar bith agaibh,
19 ach nuair a bhím in eaglais is fearr liom cúig fhocal a labhairt ó m'intleacht chun daoine eile a theagasc ná deich míle focal a labhairt i dteanga.