18 A bhuí le Dia gur mó a labhraím féin i dteangacha ná duine ar bith agaibh,
19 ach nuair a bhím in eaglais is fearr liom cúig fhocal a labhairt ó m'intleacht chun daoine eile a theagasc ná deich míle focal a labhairt i dteanga.
20 A bhráithre, ná bígí leanbaí in bhur meon; sea, bígí ar nós an linbh ó thaobh na hurchóide, ach bígí fásta suas ó thaobh an mheoin de.
21 Tá scríofa sa dlí: “Labhróidh mé leis an bpobal seo,” arsa an Tiarna, “trí bhéal na n‑allúrach agus trí bheola na n‑eachtrannach, ach ní éisteoidh siad liom ar a shon sin.”
22 Dá réir sin is comhartha na teangacha, ní do na creidmhigh ach do na díchreidmhigh; ach is do na creidmhigh is comhartha an fháidheoireacht agus ní do na díchreidmhigh.
23 Cuirim i gcás má bhíonn an eaglais cruinnithe i gceann a chéile agus iad go léir ag labhairt i dteangacha agus go dtagann tuataí nó díchreidmhigh isteach, nach é a déarfaidh siad gur as bhur meabhair atá sibh?
24 Más ag tabhairt tairngreachta a bhíonn siad go léir, áfach, agus díchreidmheach nó tuata a theacht isteach, is amhlaidh a bheidh sé á chiontú ag gach duine agus á mheas ag gach duine.