2 Mar an té a labhraíonn i dteanga, ní le daoine a bhíonn sé ag labhairt ach le Dia, mar nach dtuigeann duine ar bith é ach é ag trácht faoi anáil an Spioraid ar nithe rúnda.
3 An té a thugann tairngreacht, áfach, is ag labhairt le daoine a bhíonn sé, á neartú, á spreagadh agus á misniú.
4 An té a labhraíonn i dteanga is leis féin amháin a threisíonn sé, ach an té a thugann tairngreacht bíonn sé ag treisiú leis an eaglais.
5 Ba mhaith liom sibh go léir a bheith ag labhairt i dteangacha, ach b'fhearr liom go dtabharfadh sibh tairngreacht, mar is éifeachtaí an fáidh ná fear na dteangacha a labhairt mura ndéanann duine éigin a chuid cainte sin a mhíniú d'fhonn treisiú leis an eaglais.
6 Cuirim i gcás, a bhráithre, go dtagaimse chugaibh ag labhairt i dteangacha, cén tairbhe daoibh mé mura mbíonn foilsiú éigin nó eolas nó tairngreacht nó teagasc éigin agam le tabhairt daoibh?
7 Na huirlisí ceoil féin, nithe neamhbheo ar nós na feadóige agus na cruite, mura mbíonn dealú idir na nótaí iontu, conas a aithneofar a mbeidh á sheinm orthu?
8 Agus má thugann an stoc uaidh glór éiginnte, cé a ullmhóidh é féin chun catha?