32 Tá tíolacthaí spioradálta na bhfáithe faoi stiúir na bhfáithe féin,
33 mar ní Dia an imris é Dia ach Dia na síochána.Mar is gnách in eaglaisí uile na naomh,
34 fanadh na mná ina dtost sna heaglaisí. Níl aon chead labhartha acu ach iad a bheith faoi smacht mar a deirtear sa dlí.
35 Más áil leo fios aon ní a fháil, cuiridís ceist ar a bhfear sa bhaile, mar is náireach an mhaise do bhean labhairt in eaglais.
36 An amach uaibhse a tháinig briathar Dé? nó an chugaibhse amháin a tháinig sé?
37 Más dóigh le haon duine gur fáidh nó duine spioradálta é féin, tuigeadh sé gur aithne ón Tiarna na nithe atá á scríobh agam.
38 Má bhíonn duine ainbhiosach, beifear ainbhiosach air.