36 An amach uaibhse a tháinig briathar Dé? nó an chugaibhse amháin a tháinig sé?
37 Más dóigh le haon duine gur fáidh nó duine spioradálta é féin, tuigeadh sé gur aithne ón Tiarna na nithe atá á scríobh agam.
38 Má bhíonn duine ainbhiosach, beifear ainbhiosach air.
39 Bíodh dúil agaibh san fháidheoireacht, dá bhrí sin, a bhráithre, agus ná coiscigí labhairt i dteangacha.
40 Ach déantar gach ní go cuí agus de réir oird.