7 Na huirlisí ceoil féin, nithe neamhbheo ar nós na feadóige agus na cruite, mura mbíonn dealú idir na nótaí iontu, conas a aithneofar a mbeidh á sheinm orthu?
8 Agus má thugann an stoc uaidh glór éiginnte, cé a ullmhóidh é féin chun catha?
9 Sibhse mar an gcéanna, mura labhraíonn sibh go soiléir sa teanga, conas a thuigfear a mbeidh á rá? Ag caint san aer a bheidh sibh.
10 Is iomaí sin teanga difriúil sa domhan agus gan aon cheann acu gan bhrí.
11 Ach mura dtuigimse ciall na cainte beidh mé i mo choimhthíoch don chainteoir agus beidh an cainteoir ina choimhthíoch domsa.
12 Sibhse mar an gcéanna: ó tá dúil agaibh i dtíolacthaí an Spioraid, bíodh tóir agaibh ar an tosaíocht a bheith agaibh ag treisiú leis an eaglais.
13 An té a labhraíonn i dteanga, mar sin, bíodh sé ag guí go ndéanfaidh duine éigin a chaint a mhíniú.