2 Is ann chomh maith atá bhur slánú le fáil má chloíonn sibh go dlúth leis an teagasc mar a thug mise daoibh é - ach mura in aisce a chreid sibh.
3 Thug mé daoibh mar chéad nithe an teagasc a bhí faighte agam féin: go bhfuair Críost bás in éiric ár bpeacaí, de réir na scrioptúr;
4 gur adhlacadh é agus gur éirigh sé an tríú lá de réir na scrioptúr;
5 gur thaispeáin sé é féin do Chéafas agus ina dhiaidh sin don dáréag;
6 gur thaispeáin sé é féin do bhreis agus cúig céad de na bráithre in éineacht a bhfuil a bhformhór ar marthain go fóill cé go bhfuil cuid acu ar shlí na fírinne.
7 Ansin thaispeáin sé é féin do Shéamas agus ina dhiaidh sin do na haspail go léir.
8 Agus i ndeireadh na dála thaispeáin sé é féin domsa faoi mar gur dhuine mé a rugadh in antráth.