24 agus ansin beidh an deireadh ann nuair a thabharfaidh sé suas an ríocht do Dhia an tAthair, tar éis dó gach ceannas agus tiarnas agus cumhacht a chur ar neamhní.
25 Mar ní foláir dó a bheith ina rí go dtí go mbeidh a naimhde go léir curtha faoi chois aige.
26 Agus is é namhaid deireanach atá le cloí an bás.
27 Óir “tá gach ní curtha faoi chois aige.” Ach nuair a deirtear “tá gach ní curtha faoina chois” is follas nach bhfuil an té a chuir gach ní faoina chois san áireamh.
28 Nuair a bheidh gach ní faoina smacht, ansin rachaidh an Mac féin faoi réir an té a chuir gach ní faoi, sa tslí go mba é Dia gach ní don uile ní.
29 Rud eile de, cén fheidhm a bhíonn leo siúd a bhaistear thar ceann na marbh? Más rud é nach n‑aiséiríonn na mairbh ar chor ar bith, cad chuige a mbaistear thar a gceann iad?
30 Agus cad chuige a dtéimidne i mbaol gach uair den lá?