28 Nuair a bheidh gach ní faoina smacht, ansin rachaidh an Mac féin faoi réir an té a chuir gach ní faoi, sa tslí go mba é Dia gach ní don uile ní.
29 Rud eile de, cén fheidhm a bhíonn leo siúd a bhaistear thar ceann na marbh? Más rud é nach n‑aiséiríonn na mairbh ar chor ar bith, cad chuige a mbaistear thar a gceann iad?
30 Agus cad chuige a dtéimidne i mbaol gach uair den lá?
31 Chomh cinnte agus atá brod orm asaibhse i gCríost Íosa ár dTiarna, a bhráithre, níl lá de mo shaol nach dtéimse i mbaol mo bháis.
32 Mura mbeadh agam ach aidhmeanna daonna nuair a chuaigh mé ag troid le beithígh allta in Eifeasas, cad é an tairbhe dom é? Más rud é nach n‑aiséiríonn na mairbh “bímis ag ithe agus ag ól mar go mbeidh an bás amárach againn.”
33 Ná bíodh aon dul amú oraibh: “milleann drochchomhluadar dea-bhéasa.”
34 Craithigí suas i gceart anois sibh féin agus éirígí as an bpeaca, mar tá cuid agaibh gan aithne ar Dhia. Is chun náire a chur oraibh atáim á rá.