31 Chomh cinnte agus atá brod orm asaibhse i gCríost Íosa ár dTiarna, a bhráithre, níl lá de mo shaol nach dtéimse i mbaol mo bháis.
32 Mura mbeadh agam ach aidhmeanna daonna nuair a chuaigh mé ag troid le beithígh allta in Eifeasas, cad é an tairbhe dom é? Más rud é nach n‑aiséiríonn na mairbh “bímis ag ithe agus ag ól mar go mbeidh an bás amárach againn.”
33 Ná bíodh aon dul amú oraibh: “milleann drochchomhluadar dea-bhéasa.”
34 Craithigí suas i gceart anois sibh féin agus éirígí as an bpeaca, mar tá cuid agaibh gan aithne ar Dhia. Is chun náire a chur oraibh atáim á rá.
35 Fiafróidh duine éigin: “Conas a aiséireoidh na mairbh? Cén sórt coirp a bheidh acu ag teacht?”
36 A dhuine gan chiall, an síol a chuireann tú sa talamh ní thagann beatha ann gan é a fháil bháis ar dtús.
37 Agus an ní a chuireann tú ní hé an “corp” a bheidh ann ar ball é ach gráinne lom cruithneachta cuirim i gcás nó a leithéid eile.