37 Agus an ní a chuireann tú ní hé an “corp” a bheidh ann ar ball é ach gráinne lom cruithneachta cuirim i gcás nó a leithéid eile.
38 Agus tugann Dia corp dó mar is áil leis, a chorp féin do gach síol ar leith acu.
39 Ní mar a chéile gach cineál feola ach tá cineál amháin ag daoine, cineál eile ag beithígh, cineál eile ag éanlaith, agus cineál eile fós ag éisc.
40 Agus tá na dúile neimhe ann agus dúile na talún. Agus ní ionann loinnir do na dúile neimhe agus do dhúile na talún.
41 Ní ionann loinnir don ghrian ná don ghealach ná do na réiltíní, agus níl aon dá réiltín ar aon loinnir le chéile.
42 Is é an dála céanna ag aiséirí na marbh é. Cuirtear i somhillteacht; éireofar i ndomhillteacht.
43 Cuirtear in easonóir; éireofar i nglóir. Cuirtear i laige; éireofar i neart.