42 Is é an dála céanna ag aiséirí na marbh é. Cuirtear i somhillteacht; éireofar i ndomhillteacht.
43 Cuirtear in easonóir; éireofar i nglóir. Cuirtear i laige; éireofar i neart.
44 Cuirtear é ina chorp nádúrtha; éireoidh sé ina chorp osnádúrtha. Má tá corp nádúrtha ann, tá corp osnádúrtha ann chomh maith.
45 Mar atá scríofa: “Rinneadh anam beo den chéad duine, Ádhamh.” Sea, agus rinne spiorad a bheonn den dara hÁdhamh.
46 Ach ní hé an rud osnádúrtha is túisce a bhí ann ach an rud nádúrtha agus an rud osnádúrtha ina dhiaidh.
47 Is ó chré na talún a tháinig an chéad duine agus é talmhaí ach is ó neamh an dara duine.
48 Bíonn na daoine talmhaí ar aon dul leis an duine úd a tháinig ón talamh, agus bíonn na daoine neamhaí ar aon dul leis an duine úd ó neamh.