45 Mar atá scríofa: “Rinneadh anam beo den chéad duine, Ádhamh.” Sea, agus rinne spiorad a bheonn den dara hÁdhamh.
46 Ach ní hé an rud osnádúrtha is túisce a bhí ann ach an rud nádúrtha agus an rud osnádúrtha ina dhiaidh.
47 Is ó chré na talún a tháinig an chéad duine agus é talmhaí ach is ó neamh an dara duine.
48 Bíonn na daoine talmhaí ar aon dul leis an duine úd a tháinig ón talamh, agus bíonn na daoine neamhaí ar aon dul leis an duine úd ó neamh.
49 Agus faoi mar a ghlacamar cló an duine thalmhaí orainn, [glacaimis] cló an duine neamhaí orainn chomh maith.
50 Is é atáim a rá libh, a bhráithre, nach féidir d'fhuil agus d'fheoil ríocht Dé a shealbhú mar oidhreacht ná ní féidir don rud somhillte an domhillteacht a shealbhú.
51 Ach tá rúndiamhair agam le nochtadh daoibh: ní bhfaighimid go léir bás ach tiocfaidh claochlú orainn go léir.