49 Agus faoi mar a ghlacamar cló an duine thalmhaí orainn, [glacaimis] cló an duine neamhaí orainn chomh maith.
50 Is é atáim a rá libh, a bhráithre, nach féidir d'fhuil agus d'fheoil ríocht Dé a shealbhú mar oidhreacht ná ní féidir don rud somhillte an domhillteacht a shealbhú.
51 Ach tá rúndiamhair agam le nochtadh daoibh: ní bhfaighimid go léir bás ach tiocfaidh claochlú orainn go léir.
52 Tiocfaidh sé orainn in aon nóiméad amháin, i bhfaiteadh na súl, ar shéideadh an trumpa dhéanaigh. Nuair a shéidfidh an trumpa, éireoidh na mairbh agus iad domhillte; agus claochlófar sinne,
53 mar ní foláir don chorp somhillte seo cló domhillte a chur uime; ní foláir don chorp básmhar seo cló neamhbhásmhar a chur uime.
54 Agus nuair a bheidh an corp somhillte seo ina chló domhillte, an corp básmhar seo ina chló neamhbhásmhar, fíorófar ansin an focal úd atá scríofa:
55 “Tá an bás slogtha siar ag an mbua.Anois, a bháis, cá bhfuil do bhua?A bháis, cá bhfuil do chealg?”