53 mar ní foláir don chorp somhillte seo cló domhillte a chur uime; ní foláir don chorp básmhar seo cló neamhbhásmhar a chur uime.
54 Agus nuair a bheidh an corp somhillte seo ina chló domhillte, an corp básmhar seo ina chló neamhbhásmhar, fíorófar ansin an focal úd atá scríofa:
55 “Tá an bás slogtha siar ag an mbua.Anois, a bháis, cá bhfuil do bhua?A bháis, cá bhfuil do chealg?”
56 Is é an peaca cealg an bháis agus is é an dlí neart an pheaca.
57 Buíochas le Dia a thugann dúinn an bua trínár dTiarna Íosa Críost.
58 Dá bhrí sin, a bhráithre ionúine, bígí daingean dobhogtha dícheallach i mbun ghnó an Tiarna agus a fhios agaibh nach bhfuil bhur saothar in aisce, sa Tiarna.