6 gur thaispeáin sé é féin do bhreis agus cúig céad de na bráithre in éineacht a bhfuil a bhformhór ar marthain go fóill cé go bhfuil cuid acu ar shlí na fírinne.
7 Ansin thaispeáin sé é féin do Shéamas agus ina dhiaidh sin do na haspail go léir.
8 Agus i ndeireadh na dála thaispeáin sé é féin domsa faoi mar gur dhuine mé a rugadh in antráth.
9 Mar is mise an duine is lú ar fad de na haspail - ní fiú mé go dtabharfaí aspal orm de bhrí go ndearna mé géarleanúint ar eaglais Dé.
10 Ach le grásta Dé táim mar atáim agus ní díomhaoin a bhí a ghrásta i mo leith. Níorbh ea go deimhin mar is déine a shaothraigh mé ná aspal ar bith acu, siúd is nach mise faoi deara é ach grásta Dé a bhí ag obair liom.
11 Ach is cuma idir mise agus iadsan, sin mar a fhógraímid agus sin mar a chreid sibhse.
12 Ós é atá á fhógairt go bhfuil Críost éirithe ó mhairbh, cad a bheir do chuid agaibhse a rá nach bhfuil aiséirí na marbh ann ar chor ar bith?