1 Maidir leis an mbailiúchán i gcomhair an phobail naofa, leanaigíse freisin an treoir a thug mé d'eaglaisí na Galaite.
2 Ar an gcéad lá den tseachtain cuireadh gach duine agaibh i dtaisce oiread agus is acmhainn dó, sa tslí nach mbeidh aon bhailiúchán le déanamh nuair a thiocfaidh mise chugaibh.
3 Ansin ar theacht dom, cibé daoine dá dtabharfaidh sibh litreacha creidiúnais dóibh, cuirfidh mé go Iarúsailéim iad le bhur ndeontas.
4 Agus má fhónann dom féin dul ann chomh maith, beidh siadsan le mo chois.
5 Tar éis dom gabháil tríd an Macadóin tiocfaidh mé chugaibh ar cuairt - mar is é bealach na Macadóine a ghabhfaidh mé -