19 Cuireann eaglaisí na hÁise a mbeannacht chugaibh. Na mílte beannacht sa Tiarna ó Acula agus ó Phriosca mar aon leis an eaglais a thagann le chéile sa teach acu.
20 Beannacht ó na bráithre uile. Beannaígí dá chéile leis an bpóg naofa.
21 Tá mo bheannachtsa á scríobh agam le mo lámh féin - Pól.
22 Mallacht ar an té nach dtugann grá don Tiarna. Maranatha [tar, a Thiarna].
23 Grásta an Tiarna Íosa libh
24 agus mo ghrá-sa libh uile i gCríost Íosa. Amen.