2 Ar an gcéad lá den tseachtain cuireadh gach duine agaibh i dtaisce oiread agus is acmhainn dó, sa tslí nach mbeidh aon bhailiúchán le déanamh nuair a thiocfaidh mise chugaibh.
3 Ansin ar theacht dom, cibé daoine dá dtabharfaidh sibh litreacha creidiúnais dóibh, cuirfidh mé go Iarúsailéim iad le bhur ndeontas.
4 Agus má fhónann dom féin dul ann chomh maith, beidh siadsan le mo chois.
5 Tar éis dom gabháil tríd an Macadóin tiocfaidh mé chugaibh ar cuairt - mar is é bealach na Macadóine a ghabhfaidh mé -
6 agus caithfidh mé tamall libh, nó an geimhreadh ar fad b'fhéidir, agus ansin féadfaidh sibhse mé a thionlacan cibé bealach a ghabhfaidh mé.
7 Níor mhaith liom gan ach cuairt reatha a thabhairt oraibh. Tá súil agam tamall maith a thabhairt libh más toil leis an Tiarna é.
8 Fanfaidh mé in Eifeasas go Cincís,