1 Tuigeadh daoine gurb é atá ionainne, seirbhísigh do Chríost agus maoir ar rúndiamhara Dé.
2 Éilítear ansin ar na maoir duine a bheith dílis.
3 Is róchuma liomsa, más ea, sibhse nó cúirt daoine ar bith a thabhairt breithe orm. Go deimhin ní thugaim féin breith orm féin
4 mar siúd is go bhfuil coinsias glan agam ní fhágann sin neamhchiontach mé. Is é an Tiarna féin a thugann breith ormsa.
5 Ná bígíse, dá bhrí sin, ag tabhairt breithe roimh ré, nó go dtiocfaidh an Tiarna agus tabharfaidh seisean chun solais na nithe atá folaithe sa dorchadas agus nochtfaidh sé rúin na gcroíthe, agus ansin gheobhaidh cách a mholadh ó Dhia.
6 Thagair mé na nithe seo dom féin agus d'Apollós, a bhráithre, ar mhaithe libhse, i dtreo go bhfoghlaimeodh sibh ónár gcásna gan a bheith ag dul thar cailc, agus gan duine a bheith ag déanamh mórtais as duine amháin i gcoinne duine eile.