11 Go dtí an uair seo féin tá ocras agus tart agus easpa éadaigh orainn; bítear ag gabháil de dhoirne orainn agus gan teach ná treibh againn.
12 Bímid ag obair agus ag luain lenár lámha féin. Nuair a cháintear sinn, guímid beannacht; nuair a dhéantar géarleanúint orainn fulaingímid leis;
13 nuair a mhaslaítear sinn tugaimid an freagra séimh. Níl ionainn go dtí anois féin ach dríodar an tsaoil agus dramhaíl an uile ní.
14 Ní ag iarraidh sibh a náiriú atáim ag scríobh na nithe seo ach ag tabhairt comhairle bhur leasa daoibh mar gur sibhse mo chlann mhuirneach féin.
15 Bíodh na mílte treoraí agaibh i gCríost, níl mórán aithreacha agaibh mar gur mise a ghin sibh in Íosa Críost tríd an dea-scéal.
16 Impím oraibh dá bhrí sin aithris a dhéanamh orm.
17 Is chuige sin atáim ag cur Tiomóid chugaibh: is é mo mhac muirneach dílis é sa Tiarna agus cuirfidh sé i gcuimhne daoibh mo bhealaí i gCríost a bhíonn agam á bhfógairt i ngach eaglais ar fud an bhaill.