14 Ní ag iarraidh sibh a náiriú atáim ag scríobh na nithe seo ach ag tabhairt comhairle bhur leasa daoibh mar gur sibhse mo chlann mhuirneach féin.
15 Bíodh na mílte treoraí agaibh i gCríost, níl mórán aithreacha agaibh mar gur mise a ghin sibh in Íosa Críost tríd an dea-scéal.
16 Impím oraibh dá bhrí sin aithris a dhéanamh orm.
17 Is chuige sin atáim ag cur Tiomóid chugaibh: is é mo mhac muirneach dílis é sa Tiarna agus cuirfidh sé i gcuimhne daoibh mo bhealaí i gCríost a bhíonn agam á bhfógairt i ngach eaglais ar fud an bhaill.
18 Tá cuid agaibh éirithe mórchúiseach faoi mar nach mbeinn ag teacht chugaibh ar chor ar bith.
19 Beidh mé chugaibh gan mhoill áfach le cúnamh Dé agus is é éifeacht lucht na mórchúise a bhraithfidh mé ansin agus ní hea a gcuid cainte.
20 Mar ní sa chaint atá ríocht Dé suite ach san éifeacht.