8 Sea, tá sibh sásta anois; tá sibh saibhir; tá rí agus rath oraibh dár mbuíochasna! Is trua liom gan an rath a bheith oraibh dáiríre ionas go mbeimisne i réim i bpáirt libh.
9 Mar is dóigh liom go bhfuilimidne, aspail, curtha ar taispeáint ag Dia in eireaball thiar na caithréime mar chimí a mbeadh an bás i ndán dóibh, mar gur sampla saolta sinn os comhair aingeal agus daoine.
10 Is amadáin sinne ar son Chríost fad atá sibhse stuama i gCríost. Táimidne lag agus tá sibhse láidir; tá sibhse faoi mheas agus tá drochmheas orainne.
11 Go dtí an uair seo féin tá ocras agus tart agus easpa éadaigh orainn; bítear ag gabháil de dhoirne orainn agus gan teach ná treibh againn.
12 Bímid ag obair agus ag luain lenár lámha féin. Nuair a cháintear sinn, guímid beannacht; nuair a dhéantar géarleanúint orainn fulaingímid leis;
13 nuair a mhaslaítear sinn tugaimid an freagra séimh. Níl ionainn go dtí anois féin ach dríodar an tsaoil agus dramhaíl an uile ní.
14 Ní ag iarraidh sibh a náiriú atáim ag scríobh na nithe seo ach ag tabhairt comhairle bhur leasa daoibh mar gur sibhse mo chlann mhuirneach féin.